Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Fáiltíonn an Cathaoirleach roimh dhea-scéala cistiúcháin ó CLÁR le haghaidh tionscadail phobail i gContae an Chláir

16 January 2024

D’fháiltigh an Comh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir, roimh an bhfógra go dtabharfaí cistiú is fiú €292,070 do sheacht gcinn de ghrúpaí pobail agus de scoileanna i gContae an Chláir faoi CLÁR.

Luadh na scoileanna agus na grúpaí sin i bhfógra cistiúcháin a thug Heather Humphreys TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, le déanaí (an 12 Eanáir) go dtabharfaí €6.2 milliún chun tacú le 152 ghrúpa pobail ar fud na tíre.

Cistíonn an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais). Tá CLÁR mar chuid den bheartas ‘Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann’, arb é beartas cúig bliana na hÉireann do cheantar tuaithe na hÉireann é.

Gheobhaidh clubanna spóirt, scoileanna agus grúpaí pobail deontais is fiú suas le €50,000 chun raon leathan éagsúil saoráidí pobail a fhorbairt i gceantair thuaithe. Ar na tionscadail rathúla tá páirceanna imeartha AstroTurf, clóis súgartha, gairdíní céadfaí, rianta siúil, conairí dúlra, spásanna taibhléirithe amuigh faoin spéir agus caiféanna pobail. Is iad seo na seacht ngrúpa i gContae an Chláir a gheobhaidh cistiú iomlán is fiú €292,070:

  • Kilmurry Ibrickane Community Centre Committee Ltd: Clós súgartha cuimsitheach a fhorbairt – €50,000
  • Scoil Náisiúnta Chill Seanaigh: Dromchla AstroTurf a fhorbairt i gclós na scoile – €30,641
  • Scoil Náisiúnta Naomh Éanna, Lios Dúin Bhearna: Gairdín Céadfaí a fhorbairt – €50,000
  • Kilballyowen Development Company Ltd: Tailte an Lárionaid Pobail a fheabhsú – €47,216
  • Clarisford Park Ltd: Carrchlós a uasghrádú – €50,000
  • Scoil Náisiúnta Chill na Móna agus Cumann Forbartha Chill na Móna: Limistéar súgartha agus áineasa a fheabhsú – €42,176
  • Cumann Bailte Slachtmhara Eidhní: Siúlán na hAbhann a uasghrádú – €22,037

 

Ag fógairt an chistiúcháin di, dúirt an tAire Humphreys: “Tá ríméad orm inniu a fhógairt gur dámhadh cistiú is fiú €6.2 milliún, beagnach, ar dá bharr a sholáthrófar 152 thionscadal pobail agus spóirt ar ardchaighdeán sa tír.

“Tá an cistiú seo á sholáthar faoi CLÁR 2023 agus tá sé mar aidhm leis a chinntiú go mbainfidh roinnt dár bpobail tuaithe is iargúlta tairbhe as tionscadail a dhéanfaidh áiteanna níos fearr chun cónaí agus obair iontu agus chun cuairt a thabhairt orthu díobh.

“Idir pháirceanna imeartha AstroTurf, chlóis súgartha, ghairdíní céadfaí, rianta súil, chonairí dúlra, spásanna taibhléirithe amuigh faoin spéir agus chaiféanna pobail, déanfaidh na tionscadail seo difear mór do shaol gach duine, beag beann ar a n-aois agus ar a gcumas.”

Ag fáiltiú dó roimh an bhfógra cistiúcháin, dúirt an Comh. Joe Cooney, Cathaoirleach Chomhairle Contae an Chláir: “Tá tairbhe le baint ag seacht bpobal i gContae an Chláir as forbairt na saoráidí atáthar ag cistiú faoin bhfógra seo. Ba cheart na scoileanna agus na grúpaí pobail seo a mholadh as an méid atá á bhaint amach acu agus iad ag forbairt na dtionscadal seo. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Aire Humphreys agus leis an Roinn as an gcistiú sin a chur ar fáil agus táim ag súil le dul chun cinn na dtionscadal a fheiceáil.”

Dúirt Anne Haugh, Stiúrthóir Forbartha Tuaithe, Comhairle Contae an Chláir: “Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil tionscadail phobail atá chomh fiúntach sin ag fáil cistiú faoi CLÁR. Leis na tionscadail sin, cuirfear ar chumas gach grúpa áitiúil saoráidí a fhorbairt ar mhaithe le taitneamh cónaitheoirí agus cuairteoirí araon sa todhchaí, agus deiseanna áineasa nua á gcruthú i bpobail ar fud an chontae. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas agus dúthracht na ngrúpaí uile lena mbaineann agus comhghairdeas a dhéanamh leo as na hiarratais rathúla uathu ar chistiú.”

Dúirt an tAire Humphreys freisin: “Leis an gcistiú breise atáim ag fógairt inniu, tabharfar tuilleadh tacaíochta do ghrúpaí pobail agus do scoileanna ar fud na tíre le linn dóibh saoráidí pobail a fhorbairt agus a fheabhsú agus táim cinnte go bhfáilteofar go mór roimh na saoráidí sin agus go dtaitneoidh siad le gach duine a úsáidfidh iad.

“Ba mhaith liom obair na n-iarratasóirí rathúla uile faoi CLÁR 2023 a mholadh. Is féidir leis na hiarratasóirí rathúla uile a bheith ag súil le taitneamh a bhaint as torthaí a gcuid oibre. Táim ag súil go mór le soláthar na dtionscadal seo a fheiceáil sa bhliain atá romhainn.”

Léigh tuilleadh faoin bhfógra cistiúcháin agus faoi na tionscadail rathúla ag an seoladh seo a leanas: https://www.gov.ie/en/press-release/3250c-our-rural-future-minister-humphreys-announces-62-million-in-funding-for-schools-community-and-sports-facilities-nationwide/

Ba é an fógra an 12 Eanáir an dara fógra i ndáil le hiarratais ar chistiú CLÁR 2023.

I mí na Nollag 2023, fógraíodh cistiú do Thionscadail Clubanna Spóirt faoi Bheart 1 de CLÁR 2023. Dámhadh cistiú do na clubanna seo a leanas thíos ag an am sin:

  • Club CLG Mhichíl Cíosóg: An rian siúil ag Gleann Cíosóg, Béal an Chloga, a dhromchlú – €50,000
  • Club CLG agus Comhairle Pobail Mhuileann Uí Cheallacháin: Carrchlós a uasghrádú – €50,000
  • Club CLG Chill an Aonaigh: Ardán breathnóirí ag faiche spóirt pobail a uasghrádú – €49,500
  • Club CLG agus Camógaíochta Ghabhannaigh Uí Bhriain, agus Scoil Náisiúnta Chill Dalua: Carrchlós atá ann cheana a athdhromchlú – €50,000
  • Club CLG Naomh Eoin: Rian siúil pobail a uasghrádú – €50,000
  • Club CLG Chluain Dá Ghad: Carrchlós agus rian siúil a uasghrádú – €34,590
  • Club CLG Chill Mháille: Carrchlós a uasghrádú – €50,000
  • Club CLG na Fiacaile: Saoráidí a uasghrádú ag páirceanna imeartha an chlub – €23,239

 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin bhfógra faoi chistiú Bheart 1, téigh chuig: https://www.gov.ie/en/collection/1c20c-clar-2023-funding-approvals/ 

Page last reviewed: 18/01/24

Back to top